Keep.eu (ga)

Fáilte go keep.eu, an fhoinse is iomláine den fhaisnéis chomhtháite ar thionscadail agus ar chomhpháirtithe de chuid chlár Interreg, chlár trasteorann Interreg-IPA agus chlár comhair trasteorann EPNI/ENI.
Cuireann keep.eu sonraí ar fáil faoin Aontas Eorpach ar fad, faoina thíortha comharsanacha agus faoi thíortha réamh-aontachais
Is leathanach é seo le tú a chur ar an eolas sa teanga a ndearna tú an cuardach inti. Bain úsáid as na naisc thíos ar dheis le teacht ar ranna ar leith in keep.eu (i mBéarla), nó téigh go dtí an leathanach baile (i mBéarla).

Cé na buntáistí atá le baint agat as keep.eu?

Le keep.eu is féidir leat:

  • Smaointe a lorg le haghaidh tionscadal i réimse do spéise.  
  • Eolas a chur ar na tionscadail agus na hinfheistíochtaí a bhí nó atá ar siúl i do thír nó do réigiún, an méid a d’éirigh leo a bhaint amach agus an toradh a bhí nó a bheidh orthu. 
  • Comhpháirtithe tionscadail a lorg a rachfá i gcomhar leo, i do thír agus do réigiún féin, i réigiún i dtír atá in aice láimhe nó i dtír ar bith de chuid na mór-roinne, nó níos faide i gcéin! 
  • Príomhstaitisticí agus príomhthreochtaí na gclár comhair seo a sheiceáil (cá mhéad comhpháirtí, cá mhéad tionscadal, cá bhfuil siad le fáil de réir téama agus tíre…). 
  • Amharc ar an mór-scéal: Cá bhfuil na cláir chomhair atá ag tabhairt faoi na ceisteanna móra agus cad atá i gceist iontu sin (an t-athrú aeráide, an imirce, srl.). 

Cén fáth go bhfuil keep.eu le fáil saor in aisce?

Tá fáil ar keep.eu saor in aisce. Is é Interact, clár de chuid Interreg, a dhéanann keep.eu a chothabháil agus a fhorbairt mar chuid de mhisean an chláir. Tá freagracht as na sonraí ar na céadta clár atá rannpháirteach ann agus ar toradh iad ar chomhar críche ón mbliain 2000 i leith.
I mBéarla atá suíomh Gréasáin keep.eu. Tá sonraí ann, áfach, i mbunachar sonraí keep.eu sna teangacha a réitíonn gach clár sonraí a chur ar fáil iontu, cé go bhfuil Béarla éigeantach i réimsí áirithe.
Tá súil againn go mbainfidh tú tairbhe as an uirlis seo. Más rud é go mbíonn amhras ort faoi rud ar bith nó go mbíonn ceist le cur agat nó moladh le déanamh agat nó más mian leat go gcoinneofaí ar an eolas thú faoi keep.eu,  déan teagmháil linn. 
Tabhair faoi deara nach bhfuil sé de chumas again ach cuarsáid a dhéanamh trí mheán an Bhéarla amháin agus ní bheimid ábalta teachtaireachtaí a fhreagairt i dteanga ar bith eile.